Seoladh SEALBHÚ, lárionad taighde nua DCU um teagasc agus foghlaim na Gaeilge.

Sheol Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ionad taighde nua a bhfuil sé mar aidhm aige feabhas a chinntiú i dTeagasc agus i bhFoghlaim na Gaeilge. Bhí ionadaithe ó Cumann Múinteoirí Éireann i láthair ag an ócáid speisialta nuair a sheol an tAire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh, TD, an tIonad go hoifigiúil ar an 24ú Meán Fómhair i gCampas Phádraig de chuid Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Dar leis an tAire “Léiríonn bunú SEALBHÚ chomh tiomanta is atá DCU don Ghaeilge agus tá an-chreidiúint ag dul dóibh siúd atá taobh thiar dó”.

Beidh ról lárnach ag an áis nua seo le cinntiú go bhfuil teagasc agus foghlaim na Gaeilge bunaithe ar thaighde agus go mbeidh sé chomh héifeachtach agus is féidir don chéad ghlúin eile d’fhoghlaimeoirí.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil mar gheall ar SEALBHÚ ar www.dcu.ie/sealbhu