Bliain na hUachtaránachta – suíonn Intouch síos leis an Uachtarán Feargal Brougham

Nuair a bhain Feargal Brougham céim amach in Institiúid Oideachais Marino, ní haon áibhéil a rá go raibh na deiseanna fostaíochta a bhí ar fáil ag an am do mhúinteoirí cáilithe thar a bheith teoranta.  Bhí geilleagar na hÉireann ar an dé deiridh, agus bhí ganntanas mór post ann.  In ainneoin go raibh jab aige mar leabharlannaí, bhailíodh Feargal leis gach lá go dtí Ceannoifig INTO, áit a bhfanadh sé sa tsúil go nglaofaí chuig scoil é ina mbeadh múinteoir ionaid ag teastáil.

An bhliain seo caite, is amhlaidh a d’fhill Feargal ar an gCeannoifig cheannann chéanna mar Uachtarán INTO. Ar an mbealach céanna, d’fhill sé ar a alma mater chun go mbronnfaí an chéad Ghradam do Chéimithe Marino air as an gcion a bhí déanta aige ar mhaithe leis an oideachas, i gcomhluadar a chomhghleacaí Sinéad Burke, atá ina múinteoir agus gníomhaí freisin. Bliain ar dóigh, d’fhéadfá a rá.

An t-aistear úd ó shaol guagach na múinteoireachta ionaid go dtí uachtaránacht an cheardchumainn múinteoirí is sine agus is mó in Éirinn, b’éacht gairme é gan amhras ar bith. Níorbh fhada uainn ag caint le chéile, áfach, gur thuig mé go maith an t-aistear a bhí curtha de aige, a bhuíochas sin ar an meascán de chomhbhá, umhlaíocht agus scoláireacht a bhí follasach ina mhachnamh fánach. Ach ní ag maíomh faoi na héachtaí sin a bhíonn sé; a mhalairt ar fad.

Agus mé ag ullmhú don agallamh roimh ré, díríodh m’aird ar réimse amháin a bhfuil dlúthbhaint ag Feargal leis ar theastaigh uaim léargas níos doimhne a fháil air, is é sin, an tSaoránacht Dhomhanda. Is ball é Feargal de Choiste na Scoileanna Dlúthpháirtíochta Domhanda agus tá an dúshuim aige in obair Scoil Saoránachta Domhanda INTO, a bhíonn ag troid ar son cearta daonna, ceartais, comhionannais agus inbhuanaitheachta. Sheol an Scoil an Cumann Scannán Saoránachta Domhanda ar na mallaibh, ina ndéantar iniúchadh ar théamaí maidir leis an gceartas domhanda. Is daoine praiticiúla iad múinteoirí de ghnáth, agus gan a thuilleadh moille mar sin, teastaíonn uaim a fháil amach cad is féidir linn a dhéanamh inár seomraí ranga chun céadfacht dhomhanda a chothú sna páistí a mbímid ag obair leo; “Is le comhbhá a thosaíonn tú… Ní dóigh liom gur féidir leat múineadh gan chomhbhá. Sin an pointe tosaigh d’aon mhúinteoir”. Dealraíonn sé gurb é an focal seo, comhbhá, an cumas siúl tamall i mbróga duine eile agus an domhan a fheiceáil óna thaobh, atá mar bhunchloch ag aistear Feargal, san oideachas agus sa cheardchumannachas araon.

An cumas sin atá ag Feargal, comhbhá a léiriú le páistí atá ag déileáil le dúshláin shóisialta, mhothúchánacha agus acadúla, cuireann sé síos é go hiomlán don tréimhse a chaith sé i Scoil Mhuire Banríon na nAingeal i mBaile Formaid agus ina ról mar mhúinteoir tacaíochta foghlama i mBunscoil Shinsearach Naomh Pól i mBán an Aeir. Bua na foighne, an tréith úd nach leagtar dóthain béime uirthi, a thug sé ón eispéireas sin. Dar ndóigh, is eol dúinn uile go mbíonn an fhoighne le sonrú i gcónaí sna múinteoirí is mó a théann i bhfeidhm ar na daltaí is leochailí dár gcuid.

Ba é tréith seo na comhbhá, chomh maith le dúil ar leith sa cheartas sóisialta, a spreag Feargal chun dul isteach in INTO. Sular leasaíodh é, thug Alt 37 den Acht um Chomhionannas Fostaíochta cead d’institiúidí reiligiúnacha leatrom a dhéanamh ar aon oibrí a bhí ag cur in aghaidh a n-éitis, dar leo. Ar an ábhar sin, ba mhinic a cheil múinteoirí a ngnéaschlaonadh nó a stádas clainne ar eagla go dtabharfadh scoil faoi phátrúnacht institiúide reiligiúnaí cúl droma dóibh. Is maidir leis an gceist thuas a d’aimsigh Feargal a ghuth féin den chéad uair i láthair chruinniú INTO i mBaile Átha Cliath Thiar.

“Ní raibh mé in ann a thuiscint conas, i bpoblacht, a d’fhéadfadh oibrithe a bheith díolmhaithe ó reachtaíocht um chomhionannas. Dar liom féin, an t-aon bhealach le córas oideachais agus an tsochaí a athrú chun feabhais ná trí ghluaiseacht na gceardchumann”.

Chuir Feargal tús oifigiúil le Comhdháil Comhionannais INTO ar na mallaibh, agus cuimhníonn sé anois ar an gcaoi a gcaití leis an bpobal LADT+ inár ngairm bheatha tráth mar gheall ar a ngnéaschlaonadh; “dofheicthe, imeallaithe, náirithe, ciontach, gráin ag daoine orthu uaireanta, agus easpa tuisceana fúthu”. Ní bheifeá ar do shuaimhneas á léamh seo, agus ar an dea-uair, tá dul chun cinn déanta ó shin. Aithníonn Feargal an t-éacht oibre atá déanta ag Grúpa Múinteoirí LADT+ INTO, agus mheabhraigh sé buaicphointe amháin dá chuid féin, an mhórshiúl Pride i mBéal Feirste, tráth nach raibh an comhionannas pósta dleathach sa réigiún.

Cé go bhfuil múinteoirí LADT+ níos feiceálaí i scoileanna, agus cé go bhfuiltear ag dul i ngleic le bulaíocht homafóbach agus thrasfhóbach, “níl ansin ach an ceann caol den fhadhb”, a deir Feargal. I suirbhé a rinne Coiste Comhionannais INTO le déanaí, fuarthas go raibh níos lú ná múinteoir LADT+ amháin as cúigear tar éis teacht amach don fhoireann, dá dtuismitheoirí agus do na daltaí ar scoil. “Is drochtheist é sin ar an gcineál sochaí ina mairimid”, dar le Feargal, atá den tuairim gur bunluach dár gceardchumann é abhcóideacht a dhéanamh ar a son siúd atá gan ghuth.

Is téama é an comhionannas a thagann aníos go minic inár gcomhrá agus is gné lárnach é de dhearcadh Feargal ar chúrsaí an tsaoil. Is léir ón bhfaobhar ar a ghuth nuair a iompaímid ar an ábhar seo, go bhfuil sé rúndaingean chomh fada agus a bhaineann le comhionannas pá a ghnóthú do gach múinteoir. I ndiaidh dhianbheartais an chúlaithe eacnamaíochta d’fhonn srian a chur leis an gcaiteachas poiblí, tá múinteoirí nua faoi cheangal ag scála pá níos ísle ó bhí Eanáir 2011 ann. Tá dianfheachtas gan staonadh ar bun ag Feargal maidir leis an gceist seo, agus aithníonn sé nach mbíonn aon ghnóthachtálacha drámatúla sa cheardcumannachas, is idirbheartaíocht mhall chrua a bhíonn i gceist uaireanta… go minic tógann sé tamall maith de bhlianta chun an rud atá dlite duit ó cheart, dar leat, a fháil”. In ainneoin gurbh é Brexit agus a impleachtaí siúd is mó a bhí ag dó na geirbe ag daoine sa cháinaisnéis is déanaí, tá Feargal fós “an-mhuiníneach” go mbeidh fadhb an chomhionannais pá, an smál úd ar ár gcóras oideachais atá mar leannán ar sheomraí foirne i ngach cearn den tír, “curtha ar leataobh go brách” roimh i bhfad. Tá pá comhionann ar obair chomhionann ós ár gcomhair amach. “Ach is iomaí uair cheana a cheapamar go raibh réiteach na faidhbe faoinár láimh againn agus go raibh dul amú orainn”, ar sé go stuama.

Is é saintréith is suntasaí bhliain uachtaránachta Feargal ná a thiomantas daingean do INTO, atá léirithe go follasach ina eitic oibre. Ní gá duit ach scrolladh trí fhotha Twitter INTO nó sracfhéachaint a thabhairt ar iar-chóipeanna InTouch go bhfeicfidh tú é, meigeafón ar airde aige, agus é ag cur gáir shlógaidh uaidh, ag dul i mbun feachtas chun méideanna ranga a ísliú, ag troid ar son chúis na ndaltaí is imeallaithe i scoileanna DEIS, nó ag iarraidh ar an rialtas deireadh a chur leis an ngéarchéim thithíochta mar chuid de na mórshiúlta Raise the Roof. Déanann sé idirdhealú géarchúiseach idir buaicphointí agus rudaí nach ndéanfar dearmad orthu.

“An chuimhne is suntasaí, b’fhéidir, ná seachtain a chaitheamh sa Phalaistín agus gar-amharc a fháil ar an gcóras laethúil cinedheighilte faoina maireann na Palaistínigh”. Is gruama an pictiúr a fhaighimid ó Feargal ar an turas sin, nuair a bhí sé ag tabhairt cuairt ar scoil i Heabrón. Glaoitear “sráideanna aimride” ar shráideanna nach bhfuil cead ag Palaistínigh a bheith iontu; tá bloic árasán ag titim as a chéile agus bíonn saighdiúirí faoi airm ag déanamh corpchuardach ar pháistí atá ag iompar a mboscaí lóin, agus iad ag dul isteach sa scoil. Beidh cuimhne aige ar na gcuairt sin go deo, agus is léir arís a ghlór teann nuair a fhiafraítear de cén ról a d’fhéadfadh a bheith ag INTO agus a mbaill;

“Dar liom, toisc go bhfuil siad chomh scoite amach agus nach bhfuil aon chumhacht acu…an chéad rud is féidir linn a thabhairt dóibh ná feasacht agus dlúthpháirtíocht”. Deir Feargal liom go n-iarrann siad, idir óg agus aosta, ar thoscaireachtaí amhail Cairde Ceardchumainn na Palaistíne, an scéal a scaipeadh faoina gcás contúirteach agus an drochbhail ina bhfuil siad. Is teachtaireacht é sin atá cloiste aige go breá soiléir.

Is léir gur bliain mhothúchánach a bhí ann, a chuir a lán ar a shúile dó. “Aireoidh mé uaim na cuairteanna scoile…is iontach an rud é foghlaim ó pháistí”, arsa Feargal nuair a fhiafraítear de cad a bhraithfidh sé uaidh óna ról mar uachtarán. Tá sé tar éis taisteal ó cheann ceann na tíre ag tabhairt cuairt ar an iliomad scoileanna i dtimpeallachtaí ilchineálacha. Idir scoileanna DEIS agus scoileanna oileáin, is dochreidte an méid atá foghlamtha ag Feargal ó dhaltaí, ó chomhairlí daltaí agus, dar ndóigh, ó mhúinteoirí, ós iad sin uile bunchloch ár gcórais oideachais.

Tá barúil agam gurb é is bonn leis an meas atá air inár gceardchumann⁠—agus an meas sin tuillte go maith aige⁠—ná an cumas úd atá aige, dul chun cainte le daoine, éisteacht lena n-imní faoi na dúshláin atá rompu, agus dul i ngleic leis na dúshláin sin ceann ar aghaidh. Tar éis dó dul i gcomhairle le múinteoirí a bhíonn ag plé go dlúth le tuismitheoirí, tá Feargal den tuairim gurb é an réimse Riachtanas Speisialta Oideachais a gcaithfear aghaidh a thabhairt air amach anseo.

I bhfianaise na liostaí feithimh ollmhóra atá ann le haghaidh teiripí, tá idir mhúinteoirí agus tuismitheoirí ag streachailt le réitigh a aimsiú chun freastal ar dhaltaí a bhfuil riachtanais chéadfacha nó fadhbanna iompraíochta acu sa seomra ranga.

“Caithfidh go bhfuil bealach ann, i gcontanam an oideachais, chun gach duine a chuimsiú laistigh dár gcóras, ach cosnóidh sin airgead, agus beidh níos mó foirne de dhíth”.

Tá Feargal go láidir den tuairim nach féidir sochaí a bheith ann atá ionchuimsitheach agus comhtháite amach is amach gan córas oideachais feidhmiúil a bheith ar bun. Tá deis inár gcóras oideachais tuillte ag gach duine, agus chun an méid sin a bhaint amach, is gá cur agus cúiteamh a bheith ann i measc na bpáirtithe uile i réimse an oideachais faoin gcineál oideachais is mian linn a sholáthar do na páistí sa tsochaí s’againne. Ní foláir an deis a thabhairt do thuismitheoirí, múinteoirí agus cúntóirí riachtanas speisialta, na scileanna agus an saineolas riachtanach a ghnóthú le go mbeidís in ann cabhrú le páistí, barr a gcumais a bhaint amach inár scoileanna.

Beidh Feargal ag filleadh ar a ról mar phríomhoide i mBunscoil Shinsearach Naomh Pól i Meán Fómhair. Mar is dual dó, maíonn Feargal gurb iad an ceardchumann agus an tréimhse ama a chaith sé ar an Lárchoiste Feidhmiúcháin a thug an muinín dó cur isteach ar an bpost sin mar phríomhoide. Tuigeann sé go rímhaith freisin an t-ualach oibre a gcaithfidh príomhoidí, múinteoirí agus go háirithe príomhoidí teagaisc dul i ngleic leis. Ag an pointe seo, tarraingíonn Feargal aird ar a thiomanta atá INTO ó thaobh tacú le ceannairí scoile de, trí abhcóideacht a dhéanamh ar son laethanta scaoilte ón obair do cheannairí agus bhainisteoirí, agus tabhairt ar ais post meánbhainistíochta i scoileanna.

Tugann sé le fios freisin go mbíonn príomhoidí i mbun cainteanna i gcónaí le mustar mór gníomhaireachtaí agus páirtithe leasmhara amhail CNOS, CNCM agus Tusla. Is gá éilimh na ngníomhaireachtaí sin agus gníomhaireachtaí na Roinne a bhainistiú ar bhonn tráthúil eagraithe, rud a chuirfidh ar chumas ceannairí scoile déileáil le haon athruithe a theastaíonn agus iad a dhaingniú mar is cuí i gcomhthéacs a scoile ar leith féin. “Ní foláir dúinn a chinntiú go dtreoraítear luas na n-athruithe agus na gciorclán tríd an bhfóram ualaigh oibre… agus tá amchlár ag teastáil i rith na bliana ina sonraítear cén uair a mbeidh tionscnaimh nua ar na bacáin”. Is cur chuige ciallmhar é sin, a mbeadh tionchar dearfach aige ar fholláine agus seasmhacht ár gceannairí scoile.

Ní fhéadfaí róbhéim a chur ar an tionchar a bhí ag tiomantas macánta fuinniúil Feargal ar dhul chun cinn ár gceardchumainn, go háirithe an tiomantas a léirigh sé maidir le ceartas sóisialta, comhionannas, ionchuimsiú agus saoránacht dhomhanda. Tar éis dúinn a bheith ag caint le chéile, meabhraíodh dom an seanchor cainte úd, “ní briathra a dhearbhaíonn ach gníomh”. Ardeiseamláir é de na luachanna bráithreachais atá ina ngné lárnach de INTO, agus ar an ábhar sin, tá moladh tuillte aige as an gcion atá déanta aige ar mhaithe le gairm na múinteoireachta. Guímid gach rath ar Feargal agus é ag filleadh ar Bhunscoil Shinsearach Naomh Pól, agus táimid ag tnúth le tuilleadh rannpháirtíochta agus gníomhaithe uaidh ar son ár mball amach anseo.