Foilsiú na nImlitreacha ar an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta 2021/22

Tá na hImlitreacha a bhaineann leis an Scéim Aitheantais do Scoileanna Gaeltachta don bhliain 2021-22 foilsithe anois ar shuíomh na Roinne Oideachais. Tá dhá bhliain breise tugtha do scoileanna na critéir theangabhunaithe a bhaint amach toisc na paindéime. Fáiltíonn Cumann Múinteoirí Éireann roimh an síneadh ama seo. Molaimid do scoileanna a gcuid uaireanta breise don Ghaeilge a nascadh le h-uaireanta breise Gaeilge scoileanna eile nó iad a nascadh le h-uaireanta teagaisc scoile don oideachas speisialta / tacaíocht foghlama chun poist lán-aimseartha sealadacha a chruthú.

Tá Imlitir foilsithe chomh maith ag tabhairt cuireadh do scoileanna atá sna limistéir Ghaeltachta agus nach bhfuil ag glacadh páirt sa scéim go dtí seo cur isteach ar an scéim más mian leo. Tuigimid go bhfuil a gcúiseanna féin ag na scoileanna seo gan cur isteach ar an scéim ach is é tuairim Chumann Múinteoirí Éireann ná gur ceart an cuireadh a choimeád oscailte.

Tá na naisc do na hImlitreacha ar fáil thíos:

Gaeilge:

Imlitir 0012/2021

Imlitir 0013/2021

Imlitir 0014/2021

Béarla:

Circular 0012/2021

Circular 0013/2021

Circular 0014/2021