PE trí Ghaeilge?

PE trí Ghaeilge?

Tá tionscadal nua fógraithe ag an Aire Oideachais chun scoileanna a spreagadh ábhair den churaclam a mhúineadh trí mheán na Gaeilge i scoileanna a mhúineann trí mheán Bhéarla de ghnáth. Trí ábhar a bheas i gceist – PE ina measc. Beidh rogha i gcás an dá ábhar eile. Scéim phíolótach trí bliana atá i gceist. Glacfaidh cúig bhunscoil a bhfuil os cionn triúr oide iontu páirt i mbliana agus oibreoidh na scoileanna seo leis An Roinn Oideachais chun acmhainní and áiseanna a sholáthar chun gur féidir an tionscadal a mhéadú sa dara bliain. Cuireann FCÁT (Foghlaim Comhtháite Ábhar agus Teanga) solúbthacht agus deiseanna ar fáil le cur chuige atá níos dírithe ar fhoghlaim agus ar theagasc teanga a aimsiú (an Ghaeilge sa chás seo), trí  theagmháil na bhfoghlaimeoirí leis an nGaeilge a mhéadú agus úsáid na Gaeilge a leathnú mar mheán cumarsáide agus teagaisc i bhfíor-chomhthéacsanna taobh amuigh de cheachtanna Gaeilge faoi leith. Chomh maith is féidir buntáistí an dátheangachais a leathnú agus a chur chun cinn. I measc na mbuntáistí do dhaltaí tá feabhas ar spreagadh agus eolas na ndaltaí sa Ghaeilge agus san ábhar araon. Cuirtear lena bhfeasacht teanga agus cultúrtha agus forbraítear a straitéisí teanga agus cumarsáide.  Beidh forbairt inghairme ar fáil dona múinteoirí a bheas páirteach. Is féidir tuilleadh eolais agus an fhoirm iarratais a fháil ag https://www.education.ie/ga/Ciorcláin-agus-Foirmeacha/Foirmeacha-Coitianta/foirm-iarratais-chun-pairt-a-ghlacadh-sa-tionscadal-fcat-gaeilge.pdf