Díospóireacht – An Ghaeilge agus an Múinteoir Náisiúnta

Beidh díospóireacht á eagrú ag Cumann Múinteoirí Éireann i gcomhar le hInstitiúid Oideachais Marino mar chuid de cheiliúradh 150 bliain Chumann Múinteoirí Éireann, inniú, an Máirt 16 Deireadh Fómhair i Marino. ‘An Ghaeilge agus an Múinteoir Náisiúnta’ an téama atá i gceist.

Is é Páidí Ó Lionaird a bheas sa chathaoir. Beidh deis ag an lucht éisteachta ceisteanna a chur an bpainéal. Ar an bpainéal beidh:

Teresa O’Doherty, Uachtarán Institiúid Oideachais Marino
John Boyle, Príomhoide scoile Baile Átha Cliath (iar Uachtarán INTO),
Treasa Kirk, Cigire ón Roinn Oideachais
Dónal Ó hAiniféin, Cathaoirleach, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta (príomhoide scoile).

Déanfar an díospóireacht a chraoladh beo ar líne. Is féidir ceisteanna a chur ar an bpainéal trí twitter chomh maith. Tá sé i gceist tosú ag 4.30 leis an réamh-sheisiún, agus craolfar beo idir 6.00 agus 7.00.